60 aontú leis an ainmniúchán a fháil trí dhearbhuithe reachtúla ó thoghthóirí Eorpacha a bheidh cláraithe i dtoghlach ábhartha Pharlaimint na hEorpa (tá na foirmeacha ar fáil ó cheann comhairimh an toghlaigh nó ón údarás cláraithe), nó
  • Éarlais de €1,800 a íoc (is féidir éarlais a íoc thar ceann an iarrthóra freisin)
  • Caithfidh náisiúnach de Bhallstát ach amháin d'Éirinn, a bheartaíonn a bheith ina iarrthóir nó ina hiarrthóir, dearbhú reachtúil maidir lena incháilitheacht nó lena hincháilitheacht do thoghadh a sheachadadh ar cheann comhairimh an toghlaigh in éineacht leis an bpáipéar ainmniúcháin comhlánaithe.

    Más mian le hiarrthóir go gcuirfí isteach é nó í ar an bpáipéar ballóide mar ionadaí ar pháirtí polaitíochta cláraithe, caithfear Deimhniú Cleamhnachta Polaitíochta a thabhairt ar aird cheann comhairimh an toghlaigh in éineacht leis an bpáipéar ainmniúcháin comhlánaithe.

    Más mian le hiarrthóir neamh-pháirtí, ar FPÉ é nó í, go gcuirfí an grúpa polaitíochta i bParlaimint na hEorpa nó ainm an Pháirtí Polaitíochta Eorpaigh ar comhalta de é nó í ar an bpáipéar ballóide, caithfear Deimhniú Cleamhnachta Polaitíochta Eorpaí a thabhairt ar aird cheann comhairimh an toghlaigh in éineacht leis an bpáipéar ainmniúcháin comhlánaithe - féach roinn 3(b) de na nótaí ar an bpáipéar ainmniúcháin.

    Más mian le hiarrthóir a ghrianghraf nó a grianghraf a bheith ar an bpáipéar ballóide, ní mór grianghraf amháin i bhformáid dhigiteach agus dhá chóip díreach mar a chéile priontáilte a thabhairt ar aird cheann comhairimh an toghlaigh in éineacht leis an bpáipéar ainmniúcháin. Tá na ceanglais theicniúla do na grianghraif leagtha amach i roinn 4 de na nótaí ar an bpáipéar ainmniúcháin.

    Féadfaidh páirtithe polaitíochta cláraithe agus ionadaithe neamh-pháirtí iarrthóirí ionaid a ainmniú.

    Is féidir foirmeacha pháipéir ainmniúcháin, dearbhuithe reachtúla agus liostaí iarrthóirí ionaid a fháil, saor in aisce, ar an suíomh gréasáin seo nó óna seoltaí thíos i rith uaire oifige.

    NÓTÁIL, LE DO THOIL, NA TRÉIMHSÍ AINMNIÚCHÁIN ÉAGSÚLA..

    Tréimhse ainmniúcháin do Shaoránaigh Éireannacha
    Féadfaidh iarrthóirí nó a moltóirí na páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe do shaoránaigh Éireannacha a sheachadadh ar cheann comhairimh an toghlaigh go pearsanta tráth ar bith a mbeidh an Ceann Comhairimh sin ag a oifig/a hoifig ó 10am ar an Dé Luain 15ú lá d’Aibreán, 2024 go dtí 12 meán lae ar an Dé Máirt 30ú lá d’Aibreán, 2024 arb é an tráth is déanaí le glacadh le hainmniúcháin.

    Beidh an ceann comhairimh i láthair chun glacadh le páipéir ainmniúcháin do shaoránaigh Éireannacha ag an seoladh cuí thíos idir 10am agus 12 meán lae agus idir 2pm agus 5pm ar an Dé Luain 29ú lá d’Aibreán, 2024 agus idir 10am agus 12 meán lae ar an Dé Máirt 30ú lá d’Aibreán, 2024.

    Tréimhse ainmniúcháin do Náisiúnaigh eile den AE
    Féadfaidh iarrthóirí nó a moltóirí na páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe do Náisiúnaigh eile den AE a sheachadadh ar cheann comhairimh an toghlaigh go pearsanta tráth ar bith a mbeidh an ceann comhairimh sin ag a oifig/a hoifig ó 10am ar an Dé Luain 15ú lá d’Aibreán, 2024 go dtí 12 meán lae ar an Dé Luain 22ú lá d’Aibreán, 2024 arb é an tráth is déanaí le glacadh le hainmniúcháin.

    Beidh an ceann comhairimh i láthair chun glacadh le páipéir ainmniúcháin do Náisiúnaigh eile den AE ag an seoladh cuí thíos idir 10am agus 12 meán lae agus idir 2pm agus 5pm ar an Dé Sathairn 20ú lá d’Aibreán, 2024 agus idir 10am agus 12 meán lae ar an Dé Luain 22ú lá d’Aibreán 2024.

    Toghlach: Baile Athá Cliath
    Ceann Comhairimh: Feargas Ó’Ghallcóir
    Sonraí Teagmhála: Aonad 17
    Tolka Páirc Ghnó Ghleann
    Bóthar Bhaile Uí Bhogáin
    Baile Athá Cliath 11
    Teileafón: 01-8306785
    Ríomhphost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

     

    Toghlach: An Lár-Tíre – An tlarthuaisceart
    Ceann Comhairimh: Marian Ní Sheamraic Uí hUiginn
    Contact Details: Ceann Comhairimh an Toghlaich,
    An Lár-Tíre – An tlarthuaisceart,
    Teach na Cúirte,
    Co. na Gailimhe
    Teileafón: 091 511500 / 085 1957715
    Ríomhphost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

     

    Toghlach: An Deisceart
    Ceann Comhairimh: Máirtín O hAirmhí
    Contact Details: 33, Sráid Washington,
    Corcaigh
    Teileafón: 021 4271787
    Ríomhphost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

     

    Dáta: 9ú Aibreán 2024